Home Local News Cruinniú fiúntach dearfach ag Sinn Féin le Coimisinéir na Breatnaise, Meri Huws

Cruinniú fiúntach dearfach ag Sinn Féin le Coimisinéir na Breatnaise, Meri Huws

34
0
SHARE

Tá ráite ag Cathaoirleach Náisiúnta Shinn Féin Declan Kearney CTR go raibh cruinniú “dearfach agus fiúntach” aige inniu le Coimisinéir na Breatnaise, Meri Huws. Bhí an Comhalta Kearney agus an Comhalta Máirtín Ó Muilleoir i gceannas ar thoscaireacht ón pháirtí a bhuail leis an Choimisinéir ar maidin i mBéal Feirste. Tá an Bhean Uasal Huws i mBéal Feirste chun cáipéis nua de chuid Chonradh na Gaeilge a sheoladh.

Dúirt an Comhalta Kearney:

“Tá áthas orm go raibh an deis seo againn bualadh le Meri Huws agus ceisteanna cearta teanga a phlé.

“Tá neart taithí ag Meri i gcúrsaí forbartha teanga agus maidir le cearta teanga a chosaint. Ba phléisiúir dúinn é bheith ina cuideachta.

“Bhí cruinniú dearfach agus fiúntach againn.

“Phléigh muid láidreacht na Breatnaise agus an dul chun cinn suntasach atá déanta ag an phobal teanga sa Bhreatain Bheag. Chíor muid, fosta, na dúshláin atá roimh an Bhreatnais agus roinn Meri a saineolas linn maidir le freagrachtaí reachtúla teanga sa Bhreatain Bheag.

“Dhírigh muid féin isteach ar an easnamh a leanann go fóill sa tuaisceart maidir le cearta teanga. Mhaígh muid an bac leanúnach atá á chur ag an DUP agus Rialtas na Breataine roimh chearta teanga agus roimh an chomhionannas. Sa chomhthéacs sin, dhearbhaigh muid arís tiomantas Shinn Féin d’Acht Gaeilge agus do reachtaíocht teanga a bhaint amach sna 6 chontae.”

LEAVE A REPLY

Please enter your comment!
Please enter your name here